Altan

Caide Sin Don Té Sin? Lyrics

Caide Sin Don Té Sin? video

Altan
Overview
Votes:
0
See also:
Wrong lyrics?

Altan - Caide Sin Don Té Sin? lyrics

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó
A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó
Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt
Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirtAltan - Caide Sin Don Té Sin? - http://motolyrics.com/altan/caide-sin-don-te-sin-lyrics.html
Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór
Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Write a comment

What do you think about song "Caide Sin Don Té Sin?"? Let us know in the comments below!

More "Runaway Sunday" Album Lyrics

Recommended songs