- Votes:
 - See also:
 
Altan - Ta Me 'mo Shui lyrics
Tá mé 'mo shuí
 Ó d'éirigh an ghealach aréir
 Ag cur teineadh síos gan scíth
 'S á fadú go géar
 Tá bunadh a' tí 'na luí
 'S tá mise liom féin
 Tá na coiligh ag glaoch
 'S tá 'n saol ina gcodladh ach mé
 Sheacht mh'anam déag do bhéal
 Do mhalaí 's do ghrua
 Do shúil ghorm ghlé gheal
 Fá'r thréig mé aiteas is suairc
 Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom
 An bealach a shiúl
 Is a charaid mo chléibh
 Tá na sléibhte ag gabháil idir mé 's tú
 Altan - Ta Me 'mo Shui - http://motolyrics.com/altan/ta-me-mo-shui-lyrics.html
 Deireann lucht léinn
 Gur cloíte an galar an grá
 Char admhaigh mé é nó go raibh sé
 'Ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá
 Aicíd ró-ghéar, faraor
 Nár sheachnaigh mé í
 Chuir sí arraing 's céad go géar
 Fríd cheartlár mo chroí
 Casadh bean sí domh thíos
 Ag Lios Bhéal an Áth'
 'S d'fhiafraigh mé díthe
 An scaoilfeadh glais ar bith grá
 'Sé dúirt sí os íseal
 I mbriathra soineanta sámh
 Nuair a théann sé fán chroí
 Cha scaoiltear as é go brách












